Is mórchnuasach é, Croidhe Cainnte Chiarraighe, de Ghaeilge Chorca Dhuibhne a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh (‘An Cóta’). Bhí sé seacht mbliana i mbun an tiomsaithe (1935-1942).
Is é, gan aon agó, an foclóir Gaeilge is mó riamh. Tá 60,000 ceannfhocal maraon le isteach is amach le dhá mhilliún focal, i naoi n-imleabhar is fiche sa fhoclóir. Tá comhad PDF den fhoclóir le fáil. Is comhad ollmhór é le breis agus 4,000 leathanach ann. Don Roinn Oideachais a bhailigh Seán Óg an t-ábhar, agus cé go raibh sé i gceist go gcuirfí i gcló é, ní dhearnadh go dtí seo é.
Agus an t-ábhar á leagan amach ag Seán Óg, fostaíodh Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha) chun eagarthóireacht a dhéanamh air.
Maidir le hábhar an tsaothair tá an oiread sin réimsí éagsúla clúdaithe ann – lena n-áirítear seanfhocail, seanráite, cora cainte, mallachtaí, beannachtaí, eascainí, giotaí as an mBíobla, dánta, amhráin agus scéalta. Ina theannta sin, faighimid léargas ar an saol a bhí á chleachtadh ag muintir na háite, ar chúrsaí polaitíochta comhaimseartha agus ar chlaontaí agus ar mheon an Chaomhánaigh féin san iliomad samplaí agus tagairtí ann.
• Alt le Tracey Ní Mhaonaigh ar Comhar maidir le Croidhe Cainnte Chiarraighe
• Alt ar Tuairisc.ie maidir le foilsiú Croidhe Cainnte Chiarraighe
• Leabhar maidir le Croidhe Cainnte Chiarraighe → Éist leis an gCóta le Niall Ó Brosnacháin
Ós rud é gur scríobhadh Croidhe Cainnte Chiarraighe sa seanlitriú, níl sé oiriúnach do dhaoine ar na saolta seo.
Is éard atá sa suíomh gréasáin seo ná bealach chun an t-eolas ar fad i gCroidhe Cainnte Chiarraighe a fhoilsiú ar bhealach atá oiriúnach don aois seo, is é sin le rá, ar ríomhairí agus bealach a chur ar fáil freisin chun litriú caighdeánach a bhualadh anuas ar na focail ar fad atá mar chuid den fhoclóir.
Déantar an litriú caighdeánach a léiriú trí bhíthin comhéadan feidhmchláir (nó API mar a thugtar ar i mBéarla) darbh ainm an Caighdeánaitheoir. Seoltar an téacs ón suíomh gréasáin seo chuig an gcomhéadan feidhmchláir agus déantar an litriú a mhiondealú agus é a thiontú, agus ina dhiaidh sin, seoltar an litriú caighdeánach ar ais chuig an suíomh gréasáin seo agus taispeantár é ar na leathanaigh ghréasáin anseo é.
Dearadh an suíomh gréasáin chun go mbeidh sé chomh éasca is ar féidir d'úsáideoirí na focail agus an saibreas atá le fáil i gCroidhe Cainnte Chiarraighe a aimsiú go héasca. Ní gá do na húsáideoirí aon rud ach cnaipí a bhrúigh chun an litriú caighdeánach a fheiceáil agus é a chur ar ceal freisin. Tarlaíonn sé sin amhail is dá mbeadh draíocht ann. Sin mar ba chóir don suíomh feidhmiú.
Más mian leat feidhm a bhaint as an gcomhéadan feidhmchláir tú féin, téigh chuig an leathanach An Caighdeánaitheoir. Tá foirm fholamh ann inar féidir leat focail a chlóscríobh ann agus iad a thiontú.
I gClochar i bparóiste an Fheirtéaraigh a saolaíodh Seán a’ Chóta (Seán Óg Ó Caomhánaigh) sa bhliain 1885 ach is i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, a tógadh é. Fear ildánach, éagsúil ab ea an Cóta a raibh saibhreas mór Gaeilge ó dhúchas aige: múinteoir, iriseoir, údar, saighdiúir, agus foclóirí. Fear siúlach, scéalach ar mhó madra mallaithe agus drochbhean tí a chuir sé de ar a shiúlta ó Dhún Chaoin go Deacóite. Bhí caidreamh aige ar aos léinn a linne agus ar cheannródaithe an náisiún nua. Is mó gné den scríbhneoireacht a chleachtaigh an t-údar idir scríbhneoireacht chruthaitheach agus eile, ach dála an Dr. Johnson féin, is ar a mhórshaothar foclóireachta de chaint bheo Chorca Dhuibhne, Croidhe Cainnte Ciarraighe, a mhaireann a cháil.
An bheathaisnéis atá le fáil ar chúl an leabhair Éist leis an gCóta
• Daoine a léann leabhair agus téacsanna Gaeilge agus a bhfuil brí fhocail á lorg acu
• Múinteoirí agus teagascóirí
• Mic léinn
• Teangeolaithe
• Daoine ó Chiarraí, go háirithe daoine ó Chorca Dhuibhne
• Staraithe a bhfuil eolas faoi thuairimí a bhí ag daoine in Éirinn sna 1930idí agus na 1940idí á lorg acu
Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Tracey Ní Mhaonaigh agus rinne sí éacht oibre chun Croidhe Cainnte Chiarraighe a athscríobh ó na lámhscríbhinní i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Murach í, ní bheadh fáil ar Chroidhe Cainnte Chiarraighe, agus ní bheadh sé indéanta an suíomh gréasáin seo a chur i dtoll a chéile.
Tá tráchtais agus ailt éagsúla scríofa aici maidir le Croidhe Cainnte Chiarraighe. Tá an buíochas ar fad ag dul do Thracey as ucht na hoibre atá déanta aici. Bheadh mórshaothar Sheán a' Chóta ar bóiléagar murach an dua a chuir Tracey uirthi féin chun an bhreis agus dhá mhilliún focal a chlóscríobh.
Tá grianghraf gleoite mar mhaisiúchán agus mar chúlra do bharr an tsuímh ghréasáin seo. Thóg dearthóir an tsuímh seo, Seanán Ó Coistín, an grianghraf sin é féin fad agus a bhí sé ag tabhairt cuairte ar Chorca Dhuibhne i mBealtaine 2016. Ba as an gceantar sin do Sheán Óg Caomhánach.
Má amharctar go grinn ar bharr an chnoic is sia ar chlé, feicfear rud beag bán. Is éard a bhí ann ná láithreán sealadach a tógadh ar an gcnoc fad agus a bhí an scannán Rogue One de chuid Star Wars á scannánú sa cheantar.